Teacht chuig Aerfort na Sionainne agus imeacht Uaidh - Bualadh le Daoine agus Beannú dóibh ag an Aerfort Tá sé an-éasca bualadh le duine atá tar éis eitilt go hAerfort na Sionainne. Táimid tar éis roinnt leideanna a chur le chéile ar féidir leat a mheabhrú chun go bhféadfaidh tú teacht agus imeacht agus gan ach an stró is lú is féidir a bheith ort. Cad is gá a bheith ar eolas agat ... Sula n-imíonn tú - is maith an rud é seiceáil a dhéanamh ar Faisnéis Bealach Eitiltí / Imeachtaí Beo anseo (Live Flight Arrivals/Departures information here) nó Aip Aerfort na Sionainne sula dtagann tú chuig an aerfort. Ba cheart duit freisin faisnéis eitilte na haerlíne a sheiceáil a bhfuil do phaisinéir ag taisteal uirthi. Páirceáil - Má tá paisinéir á fhágáil agat nó á bhailiú agat ag an aerfort is é an carrchlós gearrthéarmach an áit pháirceála is fearr. Lean na comharthaí maidir le Carrchlós Gearrthéarmach ar an mbealach chuig an aerfort. Tá na chéad 15 nóiméad saor in aisce agus bíonn ráta an-réasúnta ann in aghaidh na huaire as sin amach. Fad atá tú ag fanacht - féadfaidh daoine a bhfuil beagán ama acu tamall a chaitheamh go compordach i JJ Ruddles agus taitneamh a bhaint as caife. Fad atá tú ann, is féidir leat súil a choinneáil ar an doras teachta agus ar scáileáin na n-eitiltí. Is féidir leat Aip Aerfort na Sionainne a íoslódáil freisin le haghaidh sonraí cothrom le dáta faoi d’eitilt. Má bhíonn am agat dul ag breathnú thart, tá scoth na leabhar, na nuachtán agus na n-irisí ag WH Smith, agus tá raon bronntanais le fáil sa Shannon Irish Design Store ar Leibhéal 1, lena n-áirítear earraí olla, seodra agus saothair chriadóireachta. Daoine a bhfuil mallachar gluaiseachta orthu atá ag bualadh le paisinéirí nó ag beannú dóibh - má tá mallachar gluaiseachta ort agus má tá duine á fhágáil nó á bhailiú agat, is féidir leat páirceáil saor in aisce ar feadh uair an chloig sa Charrchlós Gearrthéarmach. Chun leas a bhaint as an tairiscint seo, taispeáin do thicéad iontrála agus do Shuaitheantas Gorm in oifig Sheirbhíse do Chustaiméirí an Charrchlóis. Má bhíonn cúnamh uait ón gcarrchlós toisc go bhfuil tú faoi mhíchumas luaineachta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár ndeasc chabhrach ó aon cheann de na pointí teagmhála sa charrchlós.