Skip to Content

Má tá mallachar gluaiseachta ort

Más paisinéirí tú a bhfuil mallachar gluaiseachta ort, is mian linn go mbeidh do thuras trí Aerfort na Sionainne chomh héasca agus is féidir.

Páirceáil

Tá breis agus 30 spás páirceála curtha in áirithe inár gcarrchlós gearrthéarmach do phaisinéirí a bhfuil mallachar gluaiseachta orthu. Is iad na spásanna sin na cinn is cóngaraí don Chríochfort. Má bhíonn cúnamh uait ón gcarrchlós toisc go bhfuil tú faoi mhíchumas luaineachta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ó aon cheann de na pointí teagmhála sa charrchlós. Nó faigh amach níos mó faoi parking for visitors with reduced mobility here (nasc le páirceáil do thiománaithe atá faoi mhíchumas luaineachta)

Má tá duine á fhágáil nó á bhailiú agat ag an Aerfort, is féidir leat páirceáil saor in aisce ar feadh uair an chloig sa Charrchlós Gearrthéarmach. Chun leas a bhaint as an tairiscint seo, féadfaidh tú do thicéad iontrála agus Suaitheantas Gorm a thaispeáint in oifig Sheirbhíse do Chustaiméirí an Charrchlóis.

 

Leithris

Tá áiseanna leithris do dhaoine a bhfuil mallachar gluaiseachta orthu ar fud fhoirgneamh an aerfoirt. Léiríonn comharthaíocht treorach agus comharthaíocht lastuas na háiteanna ina bhfuil siad.

Ardaitheoirí/Staighrí Beo

Tá roinnt ardaitheoirí agus staighrí beo suite sa chríochfort a bhfuil comharthaí soiléire ag baint leo agus tá guthanna treoracha agus cnaipí rialaithe Braille sa chuid is mó de na hardaitheoirí.

Áiseanna do dhaoine caocha

Cuirtear fáilte roimh mhadraí treorach agus madraí cúnaimh sa chríochfort. Tá comharthaíocht an aerfoirt suite go soiléir, soilsithe go maith agus úsáidtear an chodarsnacht dathanna is fearr iontu chun a chinntiú gur féidir iad a léamh go héasca.

Seiceáil Slándála

Caithfidh gach paisinéir dul trí ionad slándála sula dtéann siad chuig tolglann na n-imeachtaí. Is féidir an cuardach seo a dhéanamh de láimh nó trí bhrathadóirí láimhe a úsáid. Más fearr leat, is féidir limistéar cuardaigh príobháideach a sholáthar ar shiúl ón bpríomhlimistéar.

Cathaoireacha Rothaí ar Cíos

Tá cathaoireacha rothaí ar fáil saor in aisce ag Aerfort na Sionainne le húsáid laistigh den aerfort.

Sign Up to our Newsletter