Skip to Content

Is féidir leat taisteal ar Bus Éireann

Tá Bus Éireann - seirbhís náisiúnta bus na hÉireann - ar cheann de na bealaí taistil is éifeachtúla ó thaobh costais de agus is féidir leat teacht go hAerfort na Sionainne ó áit ar bith agus imeacht uaidh go héasca.

Cad iad na háiteanna ar féidir liom dul chucu nó taisteal uathu?

Is iomaí bus a bhíonn ag taisteal ón Aerfort gach lá go Luimneach, Corcaigh agus Gaillimh. Ansin, is féidir leat taisteal go ceann scríbe eile ar Líonra Bus Éireann.

Cén áit ar féidir ticéid a cheannach?

Is féidir leat ticéid a cheannach ag an bpointe féinseirbhíse sa Halla Teachta nó ar an mbus féin. Tá raon pasanna turasóireachta ag Bus Éireann freisin chun an luach is fearr agus solúbthacht is mó a thairiscint do thurasóirí de gach sórt. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil anseo

Cá bhfaighidh mé an bus atá uaim?

Is féidir leat dul ar bord gach seirbhís ag stadanna éagsúla Bus Éireann atá díreach lasmuigh den phríomhchríochfort.

Sign Up to our Newsletter