Skip to Content

Ag Taisteal le Leanaí

Is mór an dúshlán é taisteal le páistí, fiú amháin nuair a bhíonn siad ag iarraidh bheith go maith. Tá a fhios againn na fadhbanna a bhíonn le réiteach agat agus tá taithí na mblianta againn ar bheith ag iarraidh cuidiú le teaghlaigh ó gach cearn den domhan agus iad ag dul tríd an aerfort. Gheobhaidh tú an fhaisnéis atá uait thíos faoi gach cineál ruda ó chlúidíní a aistriú, nó cá bhfuil na limistéir shúgartha nó conas cuidiú le leanaí a bhfuil riachtanais shonracha acu, lena n-áirítear uathachas ...

Athrú Clúidíní

Is cuma má tá paisinéirí ag teacht nó ag imeacht tá ionad um athrú clúidíní leanaí le fáil taobh leis na príomhsheomraí folctha.

Taispeáin dom an áit

Spás le Spraoi a Dhéanamh

Gheobhaidh tú limistéir thiomanta súgartha ina bhfuil go leor deiseanna siamsaíochta do leanaí ar Leibhéal 1 sula dtiocfaidh tú go dtí an limistéar Slándála agus ceann eile in aice leis an nGailearaí Eitlíochta sa tolglann idirthurais.

Taispeáin dom an áit

Uathachas agus Riachtanais Speisialta

Má bhíonn tú ag taisteal le leanaí a bhfuil uathachas orthu nó a bhfuil riachtanais speisialta eile acu, déanfaimid gach rud is féidir linn le freastal ar do chuid riachtanas, ó sheomraí céadfacha nó turais taithí agus eolais a sholáthar.

Faigh amach conas is féidir linn cabhrú leat

Buidéil, Leigheasanna agus Bianna do leanaí

Caithfidh tú gach rud don leanbh a choinneáil i do bhagáiste láimhe le linn na heitilte. Ná déan dearmad go bhfuil feidhm ag na teorainneacha maidir le leachtanna i gcás bia, bainne, agus uachtair do leanaí agus lena lán rudaí eile.

Cad iad na teorainneacha maidir le leachtanna?

Bagáiste

Má bhíonn tú ag taisteal le leanaí, beidh tú gnóthach ag seiceáil isteach an bhugaí agus ag déileáil le cúrsaí slándála, déan deimhin de, mar sin, go bhfuil do chuid doiciméad taistil go léir in aon áit áisiúil amháin agat sula dtosaíonn tú ar do thuras.