Ba mhaith linn do thuras trí Aerfort na Sionainne a dhéanamh chomh simplí agus is féidir. Chuige sin tá eolas an-úsáideach curtha i dtoll a chéile againn maidir le go leor gnéithe a bhaineann le slándáil. Féach ar an méid thíos agus gheobhaidh tú go leor leideanna agus cleasa úsáideacha do phaisinéirí atá ag imeacht maidir le slándáil ag Aerfort na Sionainne.
Sula dtéann tú chuig an aerfort
Cad is féidir leat a dhéanamh nuair a bhíonn tú ag dul tríd an ionad slándála
Tuigimid go dianmhaith nach maith le duine ar bith dul tríd an ionad slándála! Ach measaimid go bhféadfaidh tú an scéal a dhéanamh níos éasca duit féin trí nóiméad a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh na sé phríomhchéimeanna a bhaineann le dul tríd an ionad slándála ag Aerfort na Sionainne.
- Ullmhaigh sula n-eitlíonn tú
- Tosaigh mar is mian leat leanúint ar aghaidh - Bain úsáid as do phas leictreonach bordála chun tosú go tapa. Cuir do phas ar an scanóir agus é iompaithe síos. Féadfaidh sé seo a bheith ar do ghuthán cliste nó ar chóip pháipéir. Bíonn cúntóir slándála in aice láimhe i gcónaí má bhíonn aon deacracht agat.
- Déan na scuainí a mheas - Is gá duit áit ar ghlacadh i scuaine chun bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Bí san airdeall, faigh amach an scuaine is giorra agus téigh chuici.
- Tráidirí agus eile - Tabharfar tráidire duit chun do chuid earraí a chur isteach ann nó faigh ceann duit féin. Ní mór duit rudaí mar chótaí agus seaicéid agus míreanna móra leictreacha mar ríomhairí glúine agus rudaí mar iad a chur leo féin i dtráidirí faoi leith. Cuimhnigh go gcaithfidh tú do mhála leachtanna a chur ar thráidire leis féin freisin. Agus bí ullamh chun do bhróga a bhaint díot má iarrtar é sin ort.
- Ní aon rud pearsanta é - Tá ár bhfoireann dea-oilte agus ina saineolaithe ina réimsí éagsúla. Má iarrann siad ort rud éigin a dhéanamh, is de thoradh na gcóras agus na bpróiseas atá i bhfeidhm a dhéanfaidh siad é sin. Mar sin, mar shampla, má roghnaítear thú chun go ndéanfar thú a scanadh, ní bhaineann sé leatsa ar chor ar bith. Ní bheidh ann ach cuid den phróiseas slándála.
- Nuair a imíonn tú amach an taobh eile - Nuair a gheobhaidh tú do thráidire ar ais, déan seiceáil thapa chun a chinntiú go bhfuil do rudaí pearsanta go léir ann. D’fhéadfadh an próiseas d’aire a tharraingt agus mearbhall a chur ort. Mar sin tóg nóiméad lena chinntiú go bhfuil gach rud agat atá uait sula mbogann tú ar aghaidh go dtí na tolglanna, na siopaí agus na bialanna áit ar féidir leat do scíth a ligean roimh d’eitilt.
Go dtéigh tú slán!