Tá sé de rún againne anseo ag Aerfort na Sionainne, a chinntiú go mbeidh turas do theaghlaigh chomh héasca agus chomh saor ó strus agus is féidir. Tá a fhios againn gur féidir le haerthaisteal agus bogadh trí aerfort timpeallacht neamhchoitianta agus strus a chruthú má bhíonn míchumas, uathachas nó bail éigin eile ort féin nó ar bhall de do ghrúpa taistil.
Conas is féidir linn cabhrú leat?
Le cabhrú leat tá clár feasachta cruthaithe againn do do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu chun cabhrú leo an próiseas a bhaineann le dul tríd an Aerfort a thuiscint chomh tapa agus chomh réidh agus is féidir, trí Chaipíní Speiceacha agus Bandaí Rosta a sholáthar dóibh.
Sa chaoi seo, is féidir lenár bhfoireann daoine a aithint a bhféadfadh treoir bhreise a bheith ag teastáil uathu agus cabhrú leo a mbealach a dhéanamh.
An bhfuil Seomra Céadfach ann agus cén áit a bhfuil sé?
Tá ár seomra céadfach saincheaptha ar fáil do phaisinéirí a bhfuil baint acu lenár gclár cúnaimh speisialta agus bíonn sé ar oscailt de lá is d’oíche. Tá sé díreach os comhair limistéar súgartha na bpáistí sa Tolglann Imeachta in aice leis an nGailearaí Eitlíochta.
An bhfuil Turais Taithí agus Eolais ar fáil?
Is féidir linn turais réamheagraithe a thairiscint duit féin nó do bhall ar bith de do ghrúpa ar mhaith leo taithí a fháil ar an bpróiseas taistil tríd an aerfort sula n-eitlíonn siad. Más mian leat an turas seo a dhéanamh seol ríomhphost chuig dam@shannonairport.ie.
Téigh i dteagmháil linn
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chlár cúnaimh Aerfort na Sionainne agus córas cúnaimh aitheantais, is féidir leat glaoch ar +353 (0)61 712000 nó seol r-phost chuig Cúnamh do Phaisinéirí.