Má tá go leor ceisteanna agat faoi sheiceáil isteach ag Aerfort na Sionainne, tá tú tagtha go dtí an áit cheart agus feicfidh tú thíos na ceisteanna is coitianta a chuirtear orainn. Nó má tá tú ag an aerfort cheana féin, is féidir leat dul chuig Príomhchríochfort na nEitiltí Amach áit a bhfeicfidh tú scáileáin ar a bhfuil faisnéis faoi dheasca seiceála, agus limistéir glactha bagáiste a bhaineann le d’aerlíne.
Ar sheiceáil tú isteach cheana féin?
Ós rud é go bhfuil do phas bordála agat anois, téigh go dtí Leibhéal 1 agus téigh tríd an ionad um scagadh paisinéirí sula dtéann tú chuig an limistéar Saor ó Dhleacht agus ár mbeáir, ár mbialanna agus ár dtolglanna.
Inis dom níos mó
An bhfuil mála agat le fágáil isteach?
Le do mhála a fhágáil isteach, téigh go díreach chuig Príomhchríochfort na nEitiltí Amach. Feicfidh tú scáileáin ansin ar a bhfuil an fhaisnéis go léir atá ag teastáil uait maidir le deasca seiceála agus limistéir glactha bagáiste d’aerlíne, sa chaoi go mbeidh sé chomh héasca agus is féidir duit.
An gá dom seiceáil isteach?
Más gá duit seiceáil isteach, téigh go díreach chuig Príomhchríochfort na nEitiltí Amach. Feicfidh tú scáileáin ansin ar a bhfuil an fhaisnéis go léir atá ag teastáil uait maidir le deasca seiceála agus limistéir ghlactha bagáiste d’aerlíne.
An bhfuil mála agat atá níos mó ná mar is gnách?
Cabhróidh d'aerlíne leat do bhagáiste rómhór a sheiceáil isteach agus treorófar thú chuig ár gcrios le haghaidh bagáiste speisialta. Áirítear orthu siúd Maidí Gailf, Scíonna, boscaí rothar, trealamh eile agus málaí rómhóra.
An bhfuil ort mála a stóráil?
Feicfidh tú ár n-ionad bagáiste i limistéar na nEitiltí Isteach agus is féidir leat leas a bhaint as áis choinneála eochracha ag an Aerfort le haghaidh eochracha carranna agus eochracha doirse atá le bailiú níos déanaí.
Inis dom níos mó
Cearta Aerphaisinéirí
Bíodh do chearta ar eolas agat maidir leis na rialacha coitianta maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i go leor cásanna.
Inis níos mó dom
Fodhlíthe an Aerfoirt.
Is féidir leat dlíthe Aerfort na Sionainne a léamh ina n-iomláine anseo.
Léigh níos mó