Skip to Content

Maoin nó Bagáiste Caillte - Paisinéirí ag Teacht go hAerfort na Sionainne

 
Rud deacair a chuirfeadh olc ort is ea mála nó le rud pearsanta a chailleadh agus tú ag taisteal. Shocraíomar go bhfuil sé éasca duit do chuid míreanna caillte a rianú anseo ...
 

Ar chaill tú rud éigin ar bord an aerárthaigh?

Má chaill tú rud éigin le linn do thurais nó ar bord an aerárthaigh, téigh i dteagmháil le d'aerlíne nó le gníomhaire láimhseála an aerlíne sula bhfágann tú an t-aerfort.
 

Ar chaill tú rud éigin ag an aerfort?

Má chaill tú rudaí laistigh de chríochfort an aerfoirt, ba cheart duit dul díreach chuig Oifig na nEarraí Caillte, atá sa halla teachta.
 

Táillí Earraí Caillte

 
 Má bhailíonn tú rud ó Oifig na nEarraí Caillte ag an aerfort beidh ort táille riaracháin chaighdeánach €5.00 a íoc. Ach dá n-oirfeadh sé níos fearr duit, d’fhéadfaimis é a chur sa phost chugat agus beidh táille riaracháin €5.00 mar aon le postas i bhfeidhm.

Earraí Caillte - sracfhéachaint

 
An tIonad:       An Halla Teachta
Uaireanta:       06.00 - 23.00 gach lá
Teil:     +353 (0)87 0574354
Facs:   +353 (0)61 712033
Ríomhphost:        lostandfound@proudlybidvest.ie